Seán Kyne srón chun tosaigh ar Thomas i nGaillimh Thiar de réir phobalbhreith TG4
by Concubhar Ó Liatháin, https://www.thejournal.ie/author/concubhar-Ó-liatháin/ · TheJournal.ie(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TÁ IARRTHÓIR FHINE Gael, an Seanadóir Seán Kyne, srón chun tosaigh ar Noel Thomas ó Éire Neamhspleach/Independent Ireland sa rás chun an fholúntas a d’fhag toghchán Catherine Connolly ina h-Uachtarán a líonadh, tá sé tugtha le fios i bpobal bhreith nua ó TG4 agus an Irish Times a foilsíodh anocht.
Advertisement
Is é Kyne, a bhí ina Theachta Dála agus ina Phríomh Aoire ar an Rialtas, atá chun tosaigh le 17% de na roghanna a rinneadh 530 votóir sa phobal bhreith a rinne IPSOS/B&A idir an Aoine seo cáite agus Máirt na seachtaine seo. Tá Thomas, a chriochnaigh sa séú áit ag an olltoghchán agus gan ach cúig suíochán i nGaillimh Thiar, ar 16% agus iarrthóir an Lucht Oibre ar 12%, Helen Ogbu, is fearr atá ag cruthú i measc iarrthóirí an éite clé.
Tá Mide Nic Fhionnaloich, ar chainteoir dhúchais Gaeilge í ó Leitir Móir, ag seasamh dos na Daonláthaigh Soisíalta agus ise ar 9%, Cillian Keane (Fianna Fáil) ar 8%, Mike Cubbard (Neamhspleach) agus Mark Lohan (Sinn Féin) ar 7% is Niall Murphy ón gComhaontas Glas agus Thomas Welby (Neamhspleach) ar 6%.
Tá Orla Nugent, iarrthóir Aontú, ar 4%, de réir an tsuirbhé agus Sheila Garrity, an t-iarrthóir a roghnaigh lucht tacaíochta Catherine Connolly lena brat neamhspleach a iompar, ar 3%. Is é Denman Rooke atá ag seasamh ar son Pobal Roimh Brabhús is tá seisean ar 2%,
D’iarr an pobal bhreith ar votóirí cé do a thabharfadh siad an dara rogha agus fuair Kyne 15% acu seo, go maith chun tosaigh ar Thomas ach ceatadán amháin chun tosaigh ar Welby a fuair 14% de na vótaí dara rogha.
Related Reads
Ní bheidh aon diospóireacht as Gaeilge ag TG4 nó RTÉ RnaG d'fho-thoghchán Ghaillimh Thiar
TG4 ag díriú ar thodhchaí geal tar éis 30 bliain ag fás, de réir an Ard Stiurthóir
Is dona linn an briseadh seo - feachtas fada go mbeadh rochtain sasúil ar TG4 ó thuaidh
Beidh torthaí phobal bhreith TG4 agus an Irish Times i mBaile Átha Cliath Láir an Déardaoin seo chughainn, 14 Bealtaine.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.
Learn More Support The Journal