'500 gaelscoil breise de dhíth chun an t-éileamh a shásamh' - ceannaire oideachais

by · TheJournal.ie

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)

ROGHNÓDH DUINE AS gach ceathrar oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ach níl ach 8% de scoileanna na tíre ina ngaelscoileanna, tá sé ráite ag príomhfheidhmeannach an Fhorais Phatrúnachta atá formhór Ghaelscoileanna na tíre faoina choimirce.

Bhí Caoimhín Ó hEaghra ag freagairt do thorthaí an tSuirbhé Bunscoile a rinne an Roinn Oideachais agus Óige a fhoilsiú Dé Máirt faoin rogha oideachais ar mhaith le tuismitheoirí ar fud na tíre dá bpáistí.

Rinneadh cíoradh sa suirbhé ar an rogha eiteas creidimh ar mhaith le tuismitheoirí bheith ag bunscoil a bpáistí freisin, maraon le cé acu an mbeadh buachaillí agus cailíní ag freastal ar an scoil, nó an scoil aon-inscne a bheadh á lorg.

De réir freagraí na dtuismitheoirí tá 74% acu le páistí ag freastal ar scoil aon inscne ag iarraidh go mbeadh na scoileanna oscailte do bhuachaillí agus do chailíní agus dúirt 41% gur mhaih leo go n-iompódh an scoil aon chreidimh atá – nó a bheadh – a bpáistí ag freastal orthu ina scoileanna il-chreidimh. 

Maidir le teanga teagaisc na scoile, roghnaigh iomlán de 13.9% de thuismitheoirí gur mhaith leo oideachas trí mheán na Gaeilge dá bpáistí. Chuir an céatadán sin san áireamh tuismitheoirí a raibh páistí acu ag freastal ar scoil a chuireann oideachas trí mheán an Bhéarla ar fáil.

De réir an tsuirbhé freisin, áfach, roghnódh 24.8% de thuismitheoirí páistí nach bhfuil ag freastal ar scoil ar bith go fóill gaelscoil dá bpáistí ach an rogha sin a bheith ar fáil.

Advertisement

Dar le príomhfheidhmeannach an Fhorais Phatrúnachta, léiríonn easpa soláthair na ngaelscoileanna nach bhfuil an Roinn Oideachais agus Óige “tiomanta don oideachas lán-Ghaeilge don 65,000 páiste nach bhfuil freastal á dhéanamh orthu i láthair na huaire”.

“Níl ach 8% de scoileanna na tíre (250) ina scoileanna lán-Ghaeilge,” dúirt Ó hEaghra. “Ní mór an líon scoileanna sin a fhás faoi thrí (500 scoil bhreise) chun freastal ar an éileamh atá léirithe i dtorthaí an tsuirbhé.

“Níl aon mhian, gan trácht ar phlean, fógartha ag an Aire Naughton ná ag an Roinn Oideachais & Óige oiread is scoil amháin den 500 scoil bhreise a chur ar fáil.”

Dúirt Ó hEaghra go raibh gá ann “caitheamh le ceist an tsoláthair lán-Ghaeilge ar bhonn scoilcheantair phleanála”.

“Mar shampla, má tá 20 scoil i scoilcheantar pleanála agus éileamh 25% ar oideachas lán-Ghaeilge, ba chóir go mbeadh 5 scoil ag iompú ina ngaelscoileanna.

“Tá an Roinn ag déanamh neamhaird den Chlár Rialtais ach tá an rialtas ag éascú an chur chuige sin.”

I ráiteas a d’eisigh an Roinn agus torthaí an tsuirbhé á bhfoilsiú acu, dúirt an tAire Hildegarde Naughton gur léirigh “na torthaí seo rud an-tábhachtach: guthanna na dtuismitheoirí agus na dteaghlach ar thodhchaí an oideachais ina gceantar féin”.

“Den chéad uair, tá pictiúr mionsonraithe againn ar an gcuma ba mhian le tuismitheoirí a bheith ar a mbunscoileanna sna blianta seo amach romhainn, bíodh sé sin bainteach le eiteas na scoile, teanga an teagaisc nó an cineál soláthair oideachais atá ar fáil do leanaí ina bpobal,” dúirt sí.

“Tá gach pobal scoile uathúil. Cé go soláthraíonn na torthaí náisiúnta comhthéacs luachmhar, is iad na tuairimí a cuireadh in iúl laistigh de gach pobal áitiúil is tábhachtaí.”

Related Reads

An Ghaeilge lárnach d'ár nUachtaránacht ar an AE, ach as an áireamh do phroiséas chreidiúnaithe

Tá 10 chontae gan gaelcholáiste, tá ar an Roinn Oideachais níos mó a dhéanamh - grúpa feachtais

Dublin Gaeilgeoir Isibéal is selected as 'voice of the nation' for Ring doorbell app

Dúirt sí freisin gur “pointe tosaigh” iad na torthaí do chomhráite faoin todhchaí, “faoi stiúir na ndaoine is fearr a bhfuil aithne acu ar a scoileanna: tuismitheoirí, scoláirí, baill foirne agus pobail áitiúla.”

Tá sé ráite ag tuismitheoirí leis an bhForas Patrúnachta nach mothaíonn siad go bhfuil an Roinn ag éisteacht leo. Bhí an méid seo le rá ag Cormac MacGabhann, tuismitheoir atá cónaí air i mBaile Átha Cliath.

“Is tuismitheoir réamhscoile mé a vótálann ar son oideachas lán-Ghaeilge do mo mhic,” dúirt sé.

“Caithfidh an Roinn freastal ar theaghlaigh cosúil le mo cheann nach féidir leo rochtain a fháil ar ghaelscoil.

“Labhraímid Gaeilge sa bhaile agus mura n-athraíonn rud éigin, ní bheidh aon rogha ag mo pháistí ach dul go scoil mheánBhéarla. Mothaím nach bhfuil an suíomh sin ceart ná cóir.”

Tá An Foras Pátrúnachta ag moladh gur gá don Roinn creat cuimsitheach a chur i bhfeidhm maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.
Learn More Support The Journal